Club leabhar nua Gaeilge ag tosú ag Ráth Mór

Beidh an chéad chruinniú ag club leabhar nua Gaeilge i gCreggan Dé Luain, an 8 Nollaig, ar a cúig a chlog tráthnóna. Tá sé i gceist ag an chlub bualadh le chéile gach mí, agus tugtar cuireadh do dhaoine ar spéis leo leabhair Ghaeilge a léamh agus a phlé páirt a ghlacadh ann.
Is saothar de chuid an fhir as Doire, Eoghan Mac Cormaic, atá á phlé ar dtús, saothar atá foilsithe ag Coiscéim. Scrúdaíonn an leabhar an gaol idir príosúnaigh phoblachtacha agus an Ghaeilge. Cé gur as an Waterside dó ó dhúchas, chaith Mac Cormaic blianta fada i nGaillimh, áit ar thóg sé clann a raibh an Ghaeilge acu. Chaith sé 15 bliana sa phríosún, tréimhse a chuimsigh am a chaitheamh sna H-Blocks.
Ag tarraingt ar a thaithí féin chomh maith le foinsí nár foilsíodh roimhe seo – dialanna, mar shampla – déanann an leabhar iniúchadh ar stair agus ar ról na Gaeilge i measc príosúnach poblachtach, agus ar an gcaoi ar fhorbair an teanga le linn dóibh a bheith i mbraighdeanas.
Tá sé mar aidhm ag an gclub spás fáilteach a chruthú do léitheoirí ar gach leibhéal ar mian leo dul i mbun litríocht na Gaeilge. Má tá suim agat freastal ar an gcéad chruinniú, nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cruinnithe míosúla, bí i láthair ar an 8 Nollaig.
A new Irish language book club will hold its first meeting at Ráth Mór Creggan on Monday 8 December at 5.00pm. The club plans to meet monthly and is inviting anyone interested in reading and discussing books as Gaeilge to get involved.
The opening title is a work by Derry man Eoghan Mac Cormaic, published by Coiscéim. The book examines the relationship between republican prisoners and the Irish language.
Originally from the Waterside, Mac Cormaic lived for many years in Galway, where he raised an Irish-speaking family. He spent 15 years in prison, including time in the H-Blocks.
Drawing on his own experience alongside previously unpublished sources such as diaries, the book explores the history and role of the Irish language among republican prisoners and how the language developed in custody.
The club hopes to create a welcoming space for readers of all levels who want to engage with Irish-language literature. Those interested in joining the first meeting, or in finding out more about the monthly gatherings, are encouraged to come along on 8 December.
Le tacaíocht ó
Ask

